Steve Cooney and Friends

Altan

Dé Máirt 28 Lúnasa Donal Lunny, PÁdraig Rynne agus John McSherry.

Tá aithne mhaith ar Dhónal Lunny sa taobh seo tíre, ball bunaithe don Bothy Band agus Moving Hearts. Níl amhras ar bith nach gurb é duine de na daoine, is mó, a thug ceol traidisiúnta na hÉireann chun cinn le leathchéad bliain anuas. Tá sé ag seinm ceoil bunús an ama seo agus é ag léiriú albam ó bhí na seachtóidí ann agus is iomaí ceol scannán agus amharclann a chum sé le linn an ama seo.

Tá máistreacht iomlán ag Pádraig Rynne ar cheird ealaíonta an chonsairtín agus tá úire ag baint lena chuid ceoil i gcónaí. Tháinig sé ar an tsaol i gCo. an Chláir, i dteach a bhí ar maos I dtraidisiún an Cheoil Ghaelaigh. Tá cúig chraobh de chuid na hÉireann aige chomh maith le trí dhuais Oireachtais.

John McSherry, ceann de na píobairí uillinn is fearr ar dhroim an domhain, “máistir ceirde” – Irish Music Magazine, agus “ar thús cadhnaíochta” sa cheol. Tá droim an domhain siúlta ag John mar cheoltóir aonair agus mar bhall de ghrúpaí éagsúla. Bhí sé ina bhall bunaithe de ghrúpaí macasamhail Tamalin, Lúnasa agus At First Light i gcuideachta le bheith páirteach i sár-ghrúpa Dhónail Lunny, Coolfin, ina raibh Sharon Shannon ina ball. Cuirfidh an triúr seo le chéile ceol den chéad scoith ar fáil dúinn.

Tuesday 28th August Donal Lunny, PÁdraig Rynne and John McSherry.

Dónal Lunny, founding member of Planxty, the Bothy Band and Moving Hearts needs very little introduction. Considered to be one of the more influential people in the renaissance of Irish music in the last half century, Donal Lunny has been playing Irish music for most of that time. He has been producing albums of Irish musicians and singers since the ’70s and has written music for many films and theatre productions.

Pádraig Rynne is regarded as one of the finest concertina players in Irish music today being described by The Irish alphabet stew as “one of the freshest sounds in Irish music”.

Born in County Clare, Pádraig grew up in a house steeped in Traditional Irish Music. In his early years Pádraig won five all Ireland titles as well as three Oireachtas titles.

John Mc Sherry is hailed as one of the finest exponents of the art of uilleann piping in the world today – “a true master” – Irish Music Magazine. Described as being “at the forefront of modern innovation” –

John has toured the world as both a solo performer and a member of several outstanding bands. He was a founding member of top trad bands Tamalin’, ‘Lúnasa’ and ‘At First Light’ as well as lead instrumentalist with Dónal Lunny’s ground-breaking supergroup ‘Coolfin’, which also included Sharon Shannon.

Dé MÁirt 21 Lúnasa Dermot Byrne, Florian Blancke & Brendan O Regan

Ó thaobh Dermot Byrne de, níl mórán a sháros é ar an domhan chláir mar chnaipchairdíneoir. Tá sé aitheanta mar bhall den ghrúpa chlúiteach Altan agus seinnte aige le plúr na gceoltóir ar fud an domhain. Tá a CD Dermot Byrne ar thús cadhnaíochta ó thaobh ceoil de agus tá ráchairt mhór ar an dhlúthdhiosca céanna seo.

Is í an Fhrainc tír dúchais Floriane Blancke agus tá sí ina cláirseoir, ina fidléir, ina pianódóir agus ina ceoltóir den scoith, ar chuir ceol dúchasach na hÉireann faoi gheasaibh í le cúpla bliain anuas. Is gariníon í den cheoltóir snagcheoil Stanislas Suranyi, agus tá stíl Ghiofóg na nUngárach le haithne ar a gcuid ceoil i gcuideachta le tionchar Martha Blancke, veidhleadóir clasaiceach Francach.

Tá aithne mhaith ar Bhrendán Ó Regan dá thairbhe an bhuaigh atá aige ar an bhasúcaí, an maindilín agus an giotár. Tá clú chomh maith ar mar chumadóir/ ceoltóir agus bhí sé ina bhall de ghrúpaí iomráiteacha macasamhail De Danann agus Dolores Keane Band. D’obair sé agus thaifead sé ceol le thairbhe chuile ceoltóir traidisiúnta clúiteach sa tír, ina measc Martin O’ Connor, Sharon Shannon, Mary Black, Matt Molloy, Vinnie Kilduff, Gerry O’Connor, John Prine, Townes Van Zandt, The Waterboys agus tréan eile ina gcuideachta.

Tuesday 21 August Dermot Byrne, Florian Blancke & Brendan O Regan

Dermot Byrne is without doubt one of the finest button accordion players in the world today. As well as being a member of award winning Trad Superstars “Altan” he has collaborated with some of the finest musicians in the world. His CD Dermot Byrne is one of the “Bibles” of the genre and can be found in everyone’s CD Collection.

Florian Blancke. Hailing from France is a talented harpist,fiddler,pianist and vocalist who has embraced into Irish Traditional Music circles over the past number of years. The grand-daughter of Jazz musician Stanislas Suranyi,her music has been greatly influenced by this native Hungarian Gypsy style,and of Martha Blancke, Classical French Violinist

Brendan O Regan

Well-known for his formidable abilities on the bouzouki, mandolin and guitar, Brendan O’ Regan has a sterling reputation as a composer/musician in Ireland and has been a member of such influential groups as De Dannan and the Dolores Keane Band. He has recorded and worked with almost every well-known Irish musician, including Martin O’ Connor, Sharon Shannon, Mary Black, Matt Molloy, Vinnie Kilduff, Gerry O’Connor and also with John Prine, Townes Van Zandt, The Waterboys and more.

DÉ Máirt 14th Lúnasa Gary Hastings Agus a Chuid Cairde

Is ceoltóir, fliúiteadóir agus fear de chuid an chléir, an tOirmhinneach Gary Hastings agus é tiomanta go smior do Chultúr na hÉireann. Fuair an t-albam a rinne sé le Séamus Slán le Loch Éirne (‘Farewell to Lough Erne’), tréan aitheantais agus ba é Ciarán Curran, Altan, a léirigh an saothar. Tá clú cáil bainte amach aige mar scoith fhliúiteadóir thar na mblianta agus go háirid le scór bliain leis na seisiúin/comhoibriú le cuid de na ceoltóirí is fearr in Éirinn. Níl amhras ar bith nach go mbeidh rogha na gceoltóir i measc a chuid cairde, níl a fhios cé a thiocfas ar an oíche, beidh sé ina iontas againn uilig.

TUESDAY 14th AUGUST Gary Hastings And Friends

A musician, a flautist, a cleric and a passionate enthusiast and supporter of Irish culture – Rev Gary Hastings is all these things. His album with Séamus Quinn Slán le Loch Eírne (‘Farewell to Lough Erne’), Produced by Ciaran Curran of Altan, has had much critical acclaim. Over the years he has established himself as one of the great flute players of the past 2 decades with regular sessions/collaborations with many of the great Irish Musicians of our times. No Doubt his “Friends” will be from the top drawer, so this concert will be guaranteed to have a few pleasant surprise’s in store.

Dé Máirt 07 Lúnasa Conor Byrne and Michelle O Brien

Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas an seinnteoir fliúite, Conor Byrne agus chur sé suim i gceol ar tús trí ranganna feadóige agus ina dhiaidh sin, i ranganna fliúite, le Paul McGrattan, Cian O’Sullivan agus Frankie Kennedy, nuair a bhí sé I mbarr a mhaitheasa. In 1998, d’eisigh sé a chéad albam aonair Wind Dancer, léirithe ag Luka Bloom agus le Máire Breathnach, Christy Moore, Cathy Jordan agus Liam Ó Maonlaí, páirteach san albam. Sheinn sé le ceoltóirí macasamhail Anuna, Christy Moore, Luka Bloom, Eimear Quinn, Paul Brady agus Ronnie Drew. D’eisigh Conor albam, Bavan, i gcuideachta an fhidléara Méabh O’Hare, as Béal Feirste, a fuair aitheantas mór agus chuir siad leis an tsaothar seo trí a gcuid coirmeacha ceoil san Eoraip, san Áis agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

D’fhoghlaim Michelle O Brien a cuid ceoil óna múinteoir bunscoile Frank Custy, a bhí aitheanta mar shár- mhúinteoir ceoil agus ansin bhí d’ádh uirthi tuilleadh cuidithe a fháil óna comharsan Tommy Peoples. Bhí níos mó tionchar ag Tommy Peoples ar a cuid ceoil nach aon duine eile agus tá seo le haithne ar a saothar. Bhog Michelle go Baile Átha Cliath san 90’adaí agus tá sí gníomhach i gcúrsaí ceoil thraidisiúnta sa chathair ó shin. Tá Craobh na hÉireann aici i bhfidléireacht chomh le maith le Craobh Pan-Cheilteach agus tá ráchairt mhór uirthi mar fhidléir. Bíonn sí ag teagasc ag Dámh Chruinne Éireann, Rince agus Ceol, Ollscoil Luimnigh agus ag cuid mhór féilte ar fud na hÉireann agus na hEorpa. Tá sí ina ceoltóir cónaithe le Comhairle Ealaíon Chill Mhantáin.

Tuesday 07 August Conor Byrne and Michelle O Brien

Dublin-born flute player Conor Byrne first explored traditional music through whistle lessons and soon moved on to flute lessons with Paul McGrattan, Cian O’Sullivan and the late Frankie Kennedy. In 1998, he released Wind Dancer, his debut solo album produced by Luka Bloom and featuring Máire Breathnach, Christy Moore, Cathy Jordan and Liam Ó Maonlaí. He has performed with musicians including Anuna, Christy Moore, Luka Bloom, Eimear Quinn, Paul Brady and Ronnie Drew. Conor released critically acclaimed duo album ‘Bavan’ with Belfast fiddler Méabh O’Hare, which was followed by tours of Europe, Asia, and the US.

Michelle O’Brien, from County Clare, learned her music from acclaimed music teacher Frank Custy at primary school and was then taken under the wing of her neighbour, the legendary Tommy Peoples. It is Tommy who became Michelle’s main influence and his distinctive style of playing can be heard in her music. Michelle moved to Dublin in the 90’s and is an influential member of the Dublin traditional music scene ever since. Michelle has an All-Ireland Fiddle title and Pan-Celtic fiddle title to her credit and is a much sought after tutor of the fiddle, teaching at the Irish World Academy of Music and Dance, Limerick and at many Festivals throughout Ireland and Europe. She is currently ‘musician in residence’ for Wicklow Arts Council.

admin on June 24th, 2012

Dé Máirt 31 Iúil Derek McGinley agus Tara Connaghan

Tá seanchleachtadh ag Tara agus Derek ag seinm le chéile i seisiúin, ar an ardán agus i dtionscnaimh éagsúla, agus tá toradh a gcuid ceoil le haithne ar an dlúthdhiosca a d’eisigh siad in 2011, The Far Side of the Glen. Tá clú agus cáil orthu mar fhidléirí Conallacha, as de bhunadh Ghleann Cholm Cille Derek agus as na Gleanntaí, Tara. “Níl barraíocht ornáidíochta ag brath ar stíl ‘s acu seo, rud a chluintear i bhfad ró mhinic i bhfidléireacht an lae inniu; ligtear do chuile nóta a anáil a tharraingt agus é féin a chur in aithne, mar a ba chóir. Ní mór á ndeifre, níltear ag cur stíleanna i gcuideachta chéile, níl ann ach smior fhidléireacht Thír Chonaill, mar a chluintí ó fhad ó shin …..”

John Waltham, The Living Tradition Magazine, UK.

“Tá toradh na mblianta fada ag seinm le chéile le haithne ar an dísréad fidle. Cuireann siad le chéile ó thaobh fonn agus éagsúlachta, ach tá achan rud ar aon bhuille: ní bhfaighfeá leithead ribe eatarthu”.

Alex Monaghan, Irish Music Magazine, Ireland

Tuesday 31 July Derek McGinley and Tara Connaghan

Tara and Derek, having played together for many years in sessions, on stage and in various projects, have developed a repertoire and form represented in their 2011 recording The Far Side of the Glen. Both are well respected Donegal fiddlers, Derek from the parish of Glencolmcille, Tara from Glenties.

‘This is not the “flashy” playing so often heard today; each note is given its chance to express itself properly – the music talks to you, as it should. No excessive speed, no attempts at fusion with other styles, just good, honest Donegal fiddling as we used to hear it years ago…’

John Waltham, The Living Tradition Magazine, UK

‘The fiddle duets show the effect of long years playing together. There are complementary harmonies and variations, but the timing is spot on: you couldn’t slide a horsehair between these two musicians.’

Alex Monaghan, Irish Music Magazine, Ireland

admin on June 24th, 2012

Dé Mairt 24 Iúil

Johnny Óg Connolly, Seosamh O Neachtain agus Gary O Briain

Thosaigh Johnny Óg Connolly a sheinm an bosca ceoil nuair a bhí naoi mbliana d’aois. D’fhoghlaim sé óna athair agus ó Mhícheál Ó Coistealbha, fear ceoil áitiúil, a theagasc dó an dóigh leis an dá shraith ar a bhosca ceoil a sheinm. Nuair nach raibh sé ach an bhliain déag d’aois, bhain sé ag Slógadh agus ag Fleadh Ceoil na hÉireann ar bhosca na gcnaipí. Bhain a albam deireanach, Aisling Joshua, an Albam Traidisiúnta ab fhearr sna 2011 Ticket Awards.

Tá borradh úr nua curtha ag cúpla damhsóir i dtraidisiún damhsa sean-nós na Gaeltachta agus is Seosamh Ó Neachtain , duine do na daoine seo. Tá an clú air mar dhamhsóir meidhreach aigeantach agus é breá éadrom ar a chuid cos.

Is sár-sheinnteoir Mandocello agus Giotár é Gary Ó Briain agus tá ráchairt mhór air mar léiritheoir agus córitheoir den chéad scoith.

Tuesday 24 July

Johnny Óg Connolly, Seosamh O Neachtain and Gary O Briain

Johnny Óg Connolly: started playing the accordion at the age of nine. He learned from his father and from Micheal Ó Coistealbha a local musician who taught him the double row system of box playing (B/C). At the age of eleven, he won the Slógadh and Fleadh Ceoil All-Irelands’ on the button accordion. . His latest album “Aisling Yoshua” Won the 2011 Ticket Awards for Best Trad Album.

Seosamh Ó Neachtain is one of a handful of performers who have rejuvenated the Gaeltacht tradition of sean-nós dancing,

Ó Neachtain”s feet, according to the Irish Times, were ”like playful birds at the floor. He almost hovers, and you almost wonder if he might be able to dance across water ”

Gary O Briain, Superb Mandocello/Guitar player,and accompianist, Is also much sought after as a first class Producer and Arranger.

admin on June 13th, 2012

Dé Máirt 17 Iúil – Karen Matheson, Donald Shaw & Manus Lunny (Capercaillie)

Tá aitheantas domhanda bainte amach ag Capercaillie agus á gcuid ceoltóirí, Karen Matheson, Donald Shaw agus Manus Lunny. Ní ró-annamh a chluintear iad le chéile sa taobh seo tíre agus is é seo deis ar dóigh le freastal ar oíche cheoil fhíor speisialta. Tá glór cinn Karen Matheson mar a bheadh ceol sí ann. Ta áilleacht agus draíocht ina saothar.

Beidh seo ar cheann de na hoicheantaí is fearr ag Trad Tráthnóna i mbliana, go háirid nuair atá Donald Shaw agus Manús Lunny as Capercaillie i gcuideachta Karen Matheson. Tuilleadh eolais 0868050110.

World Renowned Capercaillie members, Karen Matheson, Donald Shaw, and Manus Lunny make a rare appearance in an intimate concert in Ionad Cois Locha.

Karen Matheson “A throat surely touched by the hand of God!” Sean Connery “ “The finest Gaelic singer alive today…” Billboard Magazine.

Along with Fellow Capercaillie members Donald Shaw And Manus Lunny This intimate concert should be one of the highlights of the year for Tionscnamh Lugh.

Info. 0866050110.

Mick Hanly & Arty McGlynn in Concert Sat 14th July 8 30p

Songwriting Workshop –Mick Hanly 3pm till 5pm

Mick Hanly’s unique song-writing and story-telling skills, combined with McGlynn’s Guitar virtuosity guarantees a night of special songs and brilliant music.

“Hanly has the ability to write such good tunes… a distinctive rugged honesty, and controlled grasp of sentiment.” Irish Times Limerick man, Hanly is best known for his big stateside hit Past The Point of Rescue. The song scooped; two BMI awards, most played song of 1993 and one million radio plays. A special songwriting workshop will also take place in the same venue from 3pm till 5pm Info 0866050110